full mission banner

ÁR MISEAN

Is sinne an UNIC,Ollscoil Eorpach na gCathracha Iarthionsclaíocha, institiúid ina bhfuil ocht n-ollscoil atá meáite ar chur le soghluaisteacht agus cuimsiú chun dul i bhfeidhm ar an tsochaí. Tá UNIC ar aon ghuth maidir lenár misean chun an t-oideachas a athrú ó bhonn agus chun freastal ar riachtanais ár bpobal éagsúil fad is atáimid ag obair le chéile chun eispéireas an léinn a chruthú ina mbeidh baint lárnach ag ár gcuidne mac léinn ann mar aon leis an bhfoireann acadúil, na cathrachta, an tsochaí shibhialta agus comhlachtaí uirbeacha san ollscoil againn.

download the full statement an ráiteas iomlán a íoslódáil

ÁR BHFÍS

Faoi cheann deich mbliana, beidh ár gcuid mac léinn agus foirne ag staidéar, ag múineadh agus ag obair ar fud na hEorpa agus cuirfidh siad athruithe i bhfeidhm. Beidh ról acu in athrú ár gceantar uirbeach san am atá romhainn.

man looking at the sunset

Tagann na hocht n-ollscoil le chéile mar UNIC chun na nithe seo leanas a chur i gcrích:

Breis a chur le cuimsiú

trí shuíomhanna ilchineálacha ár gcathracha iarthionsclaíocha a úsáid chun deiseanna Eorpacha nua a thapú dár gcuid mac léinn go léir.

Mic leinn a chur ag gníomhú

i ndúshláin uirbeacha réadúla lenár gcomhpháirtithe cathrach agus tionscnaimh ar nós CityLabs ar siúl mar aon leis ‘an eolaíocht a thabhairt chun na cathrach’.

Deiseanna soghluaisteachta
a mhéadú

do mhórán mac léinn neamhthraidisiúnta, lena n-áirítear baill de phobail inimirceacha agus daoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste soch-eacnamaíoch.

Cur le teacht aniar agus le hathbheochan

cheantair uirbeacha iarthionsclaíocha na hEorpa, agus glúin nua mac léinn a chothú a bhfuil eolas, scileanna acu mar aon le tuiscint ar an tsochaí ionas go mbeidh siad mar cheannródaithe chun athruithe a chur chun cinn, mar shaoránaigh ghníomhacha agus mar lucht tógála thodhchaí na hEorpa atá i gcomónta againn, iad ag múnlú Cheantar Oideachais na hEorpa.

Cookie Settings